FÓGRA DLÍTHIÚIL

Tá an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo faoi réir rialacha um chosaint sonraí pearsanta, cóipcheart agus séanadh ón gComhairle.

Ní mór na rialacha ginearálta a leagtar amach thíos faoi seo a ghlacadh ina n‑iomláine má úsáidtear nó má lorgaítear faisnéis ar an láithreán gréasáin seo.

Sonraí pearsanta a chosaint

Tá an Chomhairle tiomanta do phríobháideachas a urramú. Bunaítear cosaint daoine aonair maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sa Chomhairle ar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 lena leagtar síos prionsabail agus oibleagáidí nach mór a urramú sna hInstitiúidí Eorpacha nuair a phróiseáiltear sonraí pearsanta iontu, agus ar Chinneadh ón gComhairle 644/2004 an 13 Meán Fómhair 2004 chomh maith lena leagtar síos tuilleadh rialacha maidir le cosaint sonraí sa Chomhairle.

Is éard is 'sonraí pearsanta' ann aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha atá aitheanta nó inaitheanta; is duine inaitheanta é duine ar féidir a aithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt d'uimhir thagartha nó do cheann amháin nó níos mó d'fhachtóirí a bhaineann go sonrach lena fhéiniúlacht.

I bprionsabal, ní gá don úsáideoir aon sonraí pearsanta a thabhairt chun teacht ar fhaisnéis atá ar fáil trí láithreán gréasáin na Comhairle nó air. Chun seirbhísí áirithe ar líne a úsáid, áfach, mar shampla ceist a sheoladh, d'fhéadfaí iarraidh ort faisnéis fút féin a thabhairt, amhail sonraí teagmhála (ainm agus sloinne, gairm, seoladh poist, seoladh r-phoist, uimhir theileafóin nó náisiúntacht) nuair a líontar foirm isteach. Ní bhaileoidh an Chomhairle Eorpach faisnéis phearsanta mar sin ach amháin don mhéid is gá chun an cuspóir sonrach a bhaint amach maidir le gach seirbhís ar líne.

Tugtar sonraí an mhaoirseora sonraí do gach seirbhís shonrach ar líne (an duine atá freagrach as na sonraí a bhailítear fút a phróiseáil) ar ráiteas príobháideachais atá foilsithe gach mí ag gach uile sheirbhís agus/nó ar chlár poiblí a choimeádann an tOifigeach Cosanta Sonraí i ngach Institiúid maidir le gníomhaíochtaí próiseála sonraí. Chun leas a bhaint as do chuid ceart nó chun tuilleadh faisnéise a iarraidh, is féidir leat iarratas a chur go díreach chuig an maoirseoir sonraí freagrach. Is féidir leat freisin dul i mbun comhairle Oifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle chun tuairim a fháil uaidh ar ghníomhaíochtaí próiseála a bhaineann leatsa nó a rinne tú féin. Má mheasann tú gur sáraíodh do chuid ceart mar thoradh ar phróiseáil do chuid sonraí, is féidir leat gearán a chur faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, an t-údarás maoirseoireachta neamhspleách.

Tugann an láithreán gréasáin naisc chuig láithreáin ghréasáin eile idirlín uaireanta. Toisc nach bhfuil smacht ag an gComhairle ar na láithreáin ghréasáin sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais a athbhreithniú.

Google Analytics

Cuirtear in iúl duit go n‑úsáideann an láithreán gréasáin seo Google Analytics, seirbhís anailíse idirlín a sholáthair Google, Inc. (“Google”) chun anailís a dhéanamh ar úsáid an láithreáin ghréasáin seo. Chuige sin, úsáideann Google Analytics “fianáin”, ar téacschomhaid iad a chuirtear ar do ríomhaire.

Déanfar an fhaisnéis a chuireann na fianáin le chéile maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin seo - faisnéis chaighdeánach loga idirlín (lena n-áirítear do sheoladh IP) agus faisnéis faoi iompar an chuairteora i bhfoirm anaithnid - a chur chuig Google agus stórálfaidh Google í lena n‑áirítear ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Déanfaidh Google an fhaisnéis a sheoltar a dhéanamh anaithnid, tríd an t-ochtréad deiridh de do sheoladh IP a bhaint sula ndéanfar é a stóráil. De réir théarmaí seirbhíse Google Analytics, úsáidfidh Google an fhaisnéis seo d'fhonn an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin seo a mheas agus d'fhonn tuairiscí a chur le chéile don Chomhairle maidir le cineál na ngluaiseachtaí ar an láithreán gréasáin.

Ní úsáidfidh an Chomhairle an uirlis anailíse staitistiúil chun faisnéis phearsanta inaitheanta chuairteoirí an láithreáin ghréasáin seo a bhailiú ná a rianú ná ní ligfidh sí do thríú páirtí déanamh amhlaidh. Féadfaidh Google an fhaisnéis a bhailítear le Google Analytics a aistriú go tríú páirtithe nuair a éilítear sin de réir dlí, nó nuair a dhéanann na tríú páirtithe sin an fhaisnéis a phróiseáil thar ceann Google. De réir téarmaí seirbhíse Google Analytics, ní nascfaidh Google do sheoladh IP le sonraí eile atá i seilbh Google.

Agus leas á bhaint agat as an láithreán gréasáin seo, aontaíonn tú go bhféadfar do chuid sonraí a phróiseáil ar an mbealach a leagtar amach thuas agus de réir na gcuspóirí a leagtar amach thuas. Féadfaidh tú diúltú do fhianáin trí Analytics Opt-out Browser Add-on Google a íoslódáil agus a shuiteáil. Déanann an forlíontán teagmháil le Google Analytics JavaScript (ga.js) chun cur in iúl nár cheart faisnéis faoin gcuairt ar an láithreán gréasáin a chur chuig Google Analytics.

 

Séanadh dlíthiúil

Déanann an Chomhairle Eorpach cothabháil ar an láithreán gréasáin seo chun go mbeidh teacht níos fearr ag an bpobal ar fhaisnéis maidir lena cuid tionscnamh agus maidir le beartais na Comhairle Eorpaí i gcoitinne. Is é is aidhm dúinn go mbeadh an fhaisnéis seo tráthúil agus cruinn. Ní ghlacann an Chomhairle le freagracht ar bith ná le dliteanas ar bith i leith an ábhair ar an láithreán seo, áfach. Is é atá san ábhar seo:

  • faisnéis ghinearálta nach bhfuil sé i gceist léi go dtabharfaí aghaidh ar imthosca sonracha duine aonair ar leith ná eintitis ar leith;
  • ábhar nach gá go mbeadh sé cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta;
  • ábhar a bhíonn nasctha le láithreáin sheachtracha nach bhfuil aon smacht ag seirbhísí na Comhairle orthu agus nach nglacann an Chomhairle aon fhreagracht chuici ina leith;
  • ábhar nach comhairle ghairmiúil ná comhairle dhlíthiúil é (más comhairle shonrach atá uait, ba chóir duit dul i gcomhairle le duine gairmiúil atá cáilithe go cuí i gcónaí).


Tugtar faoi deara nach féidir a ráthú gur macasamhail chruinn de dhoiciméad a glacadh go hoifigiúil é doiciméad atá ar fáil ar líne. Meastar gurb é an leagan de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear sna leaganacha clóite d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an t-aon leagan údarásach di.

Tá sé mar aidhm againn na fadhbanna a bhíonn ann de bharr earráidí teicniúla a laghdú. D'fhéadfadh sé tarlú gur cruthaíodh roinnt sonraí nó roinnt faisnéise ar ár láithreán, áfach, nó go ndearnadh struchtúrú ar roinnt sonraí nó ar roinnt faisnéise ar ár láithreán i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí agus ní féidir linn a ráthú nach gcuirfidh fadhbanna dá sórt isteach ar ár seirbhís ná nach gcuirfear as di ar dhóigh eile. Má chuirtear in iúl dúinn go bhfuil earráidí inti, déanfaimid iarracht iad a cheartú. Ní ghlacann an Chomhairle le freagracht ar bith, áfach, as aon dochar a d'fhéadfadh teacht as úsáid an láithreáin ghréasáin seo, bíodh sin dochar díreach nó indíreach.

Níl sé i gceist sa séanadh seo dliteanas na Comhairle Eorpaí a theorannú, de shárú ar aon cheanglais atá leagtha síos sa dlí náisiúnta nó sa dlí Eorpach is infheidhme, ná a dliteanas a eisiamh maidir le hábhair nach bhféadfar a eisiamh faoi Airteagal 340 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).