Fothaí RSS ar shuíomh gréasáin na Comhairle

Giorrúchán ar Really Simple Syndication (Sindeacáitiú Simplithe Dáiríre) is ea RSS agus is cur síos é ar mhodh chun faisnéis a chur ar fáil i bhformáid atá inléite ag meaisín. Cuireann an RSS ar chumas úsáideoirí suibscríobh a dhéanamh ar théacsanna sonracha suíomh gréasáin nó ar chomhaid ilmheán, agus orthu siúd amháin. Tríd an RSS, is féidir an t-ábhar suibscríofa a lódáil go huathoibríoch ar ríomhaire an úsáideora nó a lódáil ar shuímh ghréasáin, agus soláthraítear amhlaidh an fhaisnéis is déanaí go huathoibríoch agus go háisiúil don suibscríobhaí.

Chun suibscríobh a dhéanamh ar fhotha RSS, beidh gá agat le léitheoir RSS; tá roinnt acu le fáil saor in aisce ar an Idirlíon agus is féidir cumraíocht leithleach a dhéanamh orthu. Tá an cumas sin cheana féin ag na leaganacha is déanaí de na brabhsálaithe. Cuireann siad ar chumas daoine cinneadh a dhéanamh dóibh féin cé acu foinsí ba cheart a léamh.

Taispeánann an léitheoir an teideal nó, de rogha air sin, an chéad chúpla líne d'alt. Cuirtear nasc a bheidh ag gabháil leis sin chuig an suibscríobhaí chun go n-osclóidh sé an t-alt sa bhrabhsálaí.

Conas suibscríobh

Tig leat suibscríobh chuig fothaí RSS i dteanga an leathanaigh a ndéanfaidh tú cuairt air. Más mian leat suibscríobh chuig  fothaí teanga eile, ba chóir úsáid a bhaint as liosta na dteangacha ar barr ar thaobh na láimhe deise, chun athrú chuig an teanga is rogha leat.

Liostaíonn an fotha RSS seo na doiciméid is deireanaí san fhotha agus sa teanga a roghnaigh tú. Mura bhfuil doiciméad ar fáil sa teanga a roghnaigh tú, feicfear é go huathoibríoch i mBéarla nó i bhFraincis.

Tig leat suibscríobh chuig fothaí RSS ar shuíomh gréasáin na Comhairle trí chliceáil a dhéanamh ar dheilbhíní RSS atá suite in aice na nasc: 

 

Preaseisiúintí/faisnéis chuig an bpreas 

Imeachtaí poiblí sa Chomhairle (seisiúin oscailte, preasagallaimh) fís-sruthú 

Ábhair reatha 

Doiciméid de chuid na Comhairle ón gClár Poiblí

 

1. Clár oibre na gCruinnithe 

   
 


2.  Tagairtí do na doiciméid is déanaí 

 

3.  Doiciméid phoiblí is déanaí (téacs iomlán) 

 

4.  Achoimre ar Ghníomhartha na Comhairle 

 

5. Miontuairiscí na Comhairle 

   
 


6. Ábhair

   

 

Teagmhálacha

Má tá a thuilleadh ceisteanna agat maidir le fothaí RSS a fháil ó shuíomh gréasáin na Comhairle, téigh i dteagmháil leis na seirbhísí seo a leanas, le do thoil:

COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
AN ARD-RÚNAÍOCHT
Rue de la Loi 175,
B-1048 An Bhruiséil

Preasoifig
Teil. +32 (0)2 281 63 19
Facs +32 (0)2 281 80 26
Seoladh ríomhphoist: press.office@consilium.europa.eu

Faisnéis don Phobal
Teil. +32 (0)2 281 56 50
Facs +32 (0)2 281 49 77
http://www.consilium.europa.eu/infopublic