Céard é an Seimeastar Eorpach?
Timthriall comhordaithe bheartais eacnamaíoch agus fhioscaigh laistigh den AE is ea an "Seimeastar Eorpach".
Dírítear leis ar thréimhse na chéad shé mhí ó thús gach bliana ar aghaidh; as sin a thagann a ainm – an "seimeastar".
Le linn an tSeimeastair Eorpaigh, déanann na Ballstáit a gcuid beartas buiséadach agus eacnamaíoch a thabhairt i gcomhréir leis na spriocanna agus rialacha a chomhaontaítear ar leibhéal an AE. Ar an mbealach sin, tá sé mar aidhm ag an Seimeastar:
- airgeadas poiblí fónta a áirithiú
- an fás eacnamaíoch a chothú agus
- míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha san AE a chosc
Comhroinnt na gcúraimí sa Seimeastar Eorpach [Infographic]
