|
|
Táimid breá sásta cúnamh a thabhairt d'iriseoirí teilifíse agus raidió chun agallaimh nó miondíospóireachtaí a eagrú le daoine aithnidiúla sa Chomhairle/sa Chomhairle Eorpach, le hionadaithe na dtíortha a bhfuil Uachtaránacht an AE acu, le Ceannairí Stáit nó Rialtais, le hAirí an AE agus leis na maithe agus leis na móruaisle a thagann ar cuairt chugainn, srl.
A mhéid is féidir, cuirfidh Comhairle an Aontais Eorpaigh cúnamh teicniúil ar fáil sna stiúideonna saor in aisce. Maidir leis na naisc satailíte, áfach, is iad na craoltóirí féin a chaithfidh iad a chur in áirithe agus a chaithfidh íoc astu.
|
|
Tabharfaidh an fhoireann chlosamhairc anseo cúnamh teicniúil d'iriseoirí teilifíse, agus fáilte, má bhíonn fonn orthu agallaimh a chur ar ionadaithe na Comhairle.
Chun áirithint a dhéanamh, cuir ríomhphost chuig an tSeirbhís Chlosamhairc, nó cuir glao uirthi.
|