CÁ BHFUIL MUID?
|
An Bhruiséil - Rue de la Loi 175 B-1048 An Bhruiséil
|
Lucsamburg (Aibreán, Meitheamh agus Deireadh Fómhair) - Centre de conférences Kirchberg Rue Fort Thüngen, 2 F-1499 Lucsamburg
|
|
 Cliceáil anseo chun an léarscáil seo a mhéadú
|
 Cliceáil anseo chun an léarscáil seo a mhéadú
|
UAIREANTA OSCAILTE
Gnáthuaireanta oscailte 7.30 - 18.00, Dé Luain go dtí Dé hAoine.
Agus cruinnithe na Comhairle ar siúl, fanann lárionad an phreasa ar oscailt dhá uair an chloig tar éis dheireadh na comhdhála preasa deireanaí. Bíonn beár an phreasa oscailte i rith chruinnithe na Comhairle agus i rith na seisiún faisnéise.
ROCHTAIN
Tá an lárionad preasa oscailte dóibh siúd a bhfuil buansuaitheantas preasa an AE acu, agus do thoscaireachtaí na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí. Tabharfar suaitheantas aon lae d'ionadaithe eile de chuid na meán ach cárta preasa náisiúnta (nó cruthúnas dá stádas gairmiúil) a thaispeáint mar aon le cárta aitheantais nó pas.
Tá na rialacha céanna i bhfeidhm i lárionad preasa na Comhairle i Lucsamburg.
Tá lárionad an phreasa ar oscailt don phobail freisin, mar a d'fhogair an phreasoifig, le haghaidh díospóireachtaí agus plé poiblí.
Féadtar rochtain a thabhairt do ghrúpaí gairmiúla eile (taidhleoirí, ionadaithe brúghrúpaí, cuairteoirí, srl.) freisin i gcúinsí ar leith, mura bhfuil an lárionad róghnóthach.
|
|
|
Margaret Gilot, stiúrthóir lárionad an phreasa
|
Teil. +32 (0)2 281 6550
|
|
Rúnaíocht na preasoifige
|
Teil. +32 (0)2 281 6319
|

TEASTAÍONN CREIDIÚNÚ UAIT?
Is ar ionadaithe na meán amháin atá nósanna imeachta creidiúnaithe an leathanaigh ghréasáin seo dírithe.
Buansuaitheantas preasa
Chun creidiúnú bliantúil a fháil d'ionadaithe na meán atá lonnaithe sa Bhruiséil (atá bailí d'institiúidí uile an AE), is féidir dul i dteagmháil le hoifig creidiúnaithe an Choimisiúin.
|
Teagmháil
|
|
Pier Soldati Oifig creidiúnaithe an Choimisiúin
|
Teil. +32 (0)2 299 0170 Faics. + 32 (0)2 299 4770 R-phost: pier.soldati@ec.europa.eu
|
Creidiúnú le haghaidh chruinnithe na Comhairle Eorpaí
Caithtear creidiúnú ar líne speisialta a fháil do chruinnithe na Comhairle Eorpaí; is féidir féachaint ar ár láithreán gréasáin lena aghaidh http://www.european-council.europa.eu/media-accreditation ó timpeall cúig seachtaine roimh ré ar aghaidh.
Ba cheart a thuiscint gurb í oifig slándála na Comhairle atá freagrach as an gcreidiúnú agus nach féidir le preasoifig na Comhairle a ráthú go nglacfar le creidiúnú murar cloítear leis an nós imeachta seo.
Agus tú san fhoirgneamh, ní mór duit suaitheantas aitheantais na Comhairle Eorpaí a chaitheamh ar bhealach soiléir sofheicthe. Aon duine a aimseofar nach mbeidh an suaitheantas á chaitheamh aige, féadfar a iarradh air an foirgneamh a fhágáil. Ina theannta sin, féadfaidh ball de chuid na hoifige slándála a iarradh ort ag am ar bith cáipéis oifigiúil aitheantais a thaispeáint, fiú agus suaitheantas aitheantais na Comhairle Eorpaí á chaitheamh agat.
Má tá aon cheist eile agat, tá fáilte romhat i gcónaí teagmháil a dhéanamh le preasoifig na Comhairle ar mhaithe le soiléiriú agus cabhair a fháil maidir leis na nósanna imeachta.

POINTE FAISNÉISE
Bíonn an pointe faisnéise ar oscailt nuair a bhíonn preasócáid de chuid na Comhairle ar siúl.
|
Teagmháil
|
|
Pointe faisnéise
|
Teil. +32 (0)2 281 9000
|
|
Rúnaíocht na preasoifige
|
Teil. +32 (0)2 281 6319
|
ÁISEANNA OIBRE.jpg)
- spásanna oibre agus idirlíon leathanbhanda iontu (seomra A, seomra B, seomra C)
- nasc idirlín WiFi do do ríomhaire glúine
- naisc teileafóin do mhóideimí analógacha nó digiteacha
- meaisíní facsála
- fótachóipealaithe
- seirbhís teachtaireachtaí teilifíse
- taisceadáin
Cuirtear áiseanna breise ar fáil do chruinnithe na Comhairle Eorpaí, tráth a mbíonn breis agus 1000 spás oibre ar fáil.
DEISEANNA CHUN GRIANGHRAIF/FÍSTÉIP A DHÉANAMH
Eagraímid seisiúin ghrianghrafadóireachta agus fís-scannánaithe do na hócáidí agus na cruinnithe móra uile a tharlaíonn sa Chomhairle, le go mbeidh tú in ann na híomhánna cuí a chur le do chuid tuarascálacha. Le haghaidh roinnt ocáidí móra amhail an Chomhairle Eorpach eagraímid grúpaí freisin.
Físchlúdach iomlán nuachta & car
Tá clúdach leathan nuachta maidir le gníomhaíochtaí na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí ar fáil ag http://tvnewsroom.consilium.europa.eu, maille le pictiúirí ón gcartlann agus íomhánna eile. Tá na híomhánna sin saor ó chóipcheart agus is féidir iad a íoslódáil i MPEG agus iad réidh lena n‑úsáid don teilifís nó ar an idirlíon.
Tá clúdach ar fáil ar ghníomhaíochtaí na Comhairle agus gníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí tríd an saitilit (EbS) http://ec.europa.eu/avservices/ebs
Clúdach grianghrafadóireachta iomlán & cartlann
Soláthraíonn foireann grianghrafadóirí na preasoifige clúdach ar na hócáidí móra a tharlaíonn sa Chomhairle agus sa Chomhairle Eorpach. Tá samplaí dá gcuid oibre ar fáil san fhótalann ar www.consilium.europa.eu/photo. Cuirtear ar fáil iad saor in aisce agus i bhformáid ardghléine ar choinníoll go luafar an fhoinse (Comhairle an Aontais Eorpaigh).
Stiúideonna teilifíse agus raidió
Tá stiúideonna teilifíse agus raidió na Comhairle ar fáil do thoscaireachtaí agus do lucht na meán. Is féidir linn tacaíocht a chur ar fáil d'iriseoirí teilifíse agus raidió agus gníomhaíochtaí na Comhairle á dtuairisciú acu. Déan teagmháil lenár bhfoireann chlosamhairc chun an stiúideo nó áiseanna satailíte a chur in áirithe.s
Agallaimh "as seasamh"
Féadfar agallaimh bheo "as seasamh" a eagrú ó "mezzanine" an phríomh-halla iontrála (an t‑aitriam). Is féidir cúnamh a iarraidh ar ár bhfoireann closamhairc.
Beoshruth na n-ócáidí poiblí
Is féidir gach ócáid phoiblí a tharlaíonn sa Chomhairle a leanúint beo ar an idirlíon, díospóireachtaí poiblí agus plé poiblí san áireamh. Más rud é gur chaill tú ócáid, is féidir leat breathnú uirthi tríd an gclár "fís ar éileamh", a chraoltar ar Ghréasán na Comhairle http://video.consilium.europa.eu.

FAISNÉIS MAIDIR LE hÓCÁIDÍ
Doiciméid don phreas
Tá faisnéis ghinearálta agus doiciméadú ar fáil ó rúnaíocht na preasoifige agus ónár dtairseach preasa www.consilium.europa.eu/press. Áirítear san fhaisnéis sin an méid a leanas:
- Féilire na hUachtaránachta le dátaí agus réamhchláir oibre chruinnithe na Comhairle
- Fógraí maidir le hamanna na gcruinnithe faisnéise don phreas, phreasócáidí na hUachtaránachta agus na bpléití agus na ndíospóireachtaí poiblí (féach thíos)
- achoimre coicíse ar ócáidí agus topaicí atá ar na bacáin
- na nótaí eolais a fhoilsítear roimh gach seisiún Comhairle
- conclúidí na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí de réir mar a ghlactar iad
- preasráitis
- dearbhuithe de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, agus preasráitis maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú.
Cuirtear faisnéis agus acmhainní le chéile sa tairseach preasa. Sa rannán maidir le "Cruinnithe na Comhairle", cuirtear an fhaisnéis ar fad atá ar fáil faoi chruinniú áirithe de chuid na Comhairle (clár oibre, nótaí eolais, preasráitis, grianghraif, craoladh gréasáin agus físeanna).
Faisnéis chúlra
Beidh ár bhfoireann de phreasoifigigh lánsásta eolas a thabhairt duit faoi ghníomhaíochtaí na Comhairle agus faoi chúrsaí beartais. Labhraíonn preasoifigigh "i modh rúin". Chun dul i dteagmháil leis an bpreasoifigeach ábhartha maidir leis an topaic atá á clúdach agat, cliceáil anseo.
Seisiúin eolais don phreas agus preasócáidí
.jpg)
De ghnáth, tarlaíonn na seisiúin eolais don phreas agus na preasócáidí sa phríomh-phreas-sheomra, ach d'fhéadfaí deiseanna preasa a eagrú sa choirnéal VIP nó i seomraí preasa eile i lárionad an phreasa.
Beidh ár bpointe faisnéise ag doras an lárionaid phreasa ina chabhair duit.
Is féidir an fhaisnéis seo ar fad agus tuilleadh a fháil ar thairseach idirlín phreasoifig na Comhairle www.consilium.europa.eu/press - féach faoi "Cruinnithe na Comhairle".
Miontuairiscí preasa
