Beartais
Tá an Chomhairle freagrach as cinnteoireacht agus as comhordú
- Ritheann Comhairle an Aontais Eorpaigh dlíthe, de ghnáth trí reachtaíocht a thabhairt isteach go comhpháirteach le Parlaimint na hEorpa.
- Déanann an Chomhairle comhordú ar bhonn leathan ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát.
- Bunaithe ar threoirlínte a leagann an Chomhairle Eorpach síos, sainíonn an Chomhairle comhbheartas eachtrach agus slándála an AE agus cuireann sí i bhfeidhm é.
- Déanann an Chomhairle comhaontuithe idir an AE agus Ballstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin nó idir eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur i gcrích, thar ceann an Chomhphobail agus thar ceann an Aontais.
- Déanann an Chomhairle comhordú ar ghníomhartha na mBallstát agus glacann sí bearta i réimse na póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla.
- Is iad an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an t‑údarás buiséadach a ghlacann buiséad an Chomhphobail.