An gnáthnós imeachta reachtach

Tá bunachar sonraí ar fáil i mBéarla agus i bhFraincis (1) ina léirítear dul chun cinn na sainchomhad atá faoi réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh dá bhforáiltear le hAirteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Cuireann an tSeirbhís "Gnáthnósanna Imeachta Reachtacha" leis an mbunachar sonraí ar bhonn laethúil. Fágann sé seo gur féidir an nós imeachta maidir le gníomhartha reachtacha a ghlacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach a leanúint.

Tá na tagairtí do dhoiciméid na Comhairle a luaitear sa bhunachar sonraí seo ar fáil freisin i gClár poiblí dhoiciméid na Comhairle. Is féidir teacht ar na hIrisí Oifigiúla trí láithreán EUR-Lex.

Tig leis an bpobal an plé a dhéanann an Chomhairle ar ghníomhartha reachtacha an Aontais agus iad á nglacadh tríd an ngnáthnós imeachta reachtach a leanúint i rith na seisiún oscailte. Caitear vótaí ar ionstraimí ullmhúcháin agus críochnaitheacha go poiblí, agus cuirtear torthaí na vótála poiblí sin ar taispeáint, lena n-áirítear ar leathanach físeán na Comhairle.

Déantar gach iarracht a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil ar an láithreán seo cruinn agus cothrom le dáta. Chun críocha na faisnéise a chuirtear ar fáil í agus ní fhéadfar dliteanas a chur ar an gComhairle as an ábhar atá air.

Is féidir a thuilleadh faisnéise reatha a fháil ó Sheirbhís Preasa na Comhairle nó ó Sheomra Nuachta na Comhairle. Is féidir a thuilleadh faisnéise maidir le nósanna imeachta reachtacha a fháil ar láithreán idirlín an Choimisiúin (PRE-lex) agus ar láithreán idirlín na Parlaiminte (Réadlann Reachtach OEIL).

Is féidir dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Faisnéise Poiblí le haghaidh tuilleadh faisnéise.

(1) I bhFraincis amháin atá an fhaisnéis maidir le sainchomhaid a dúnadh faoi dheireadh 2006.