An comhbheartas eachtrach agus slándála
Glacann Airí na Comhairle Gnóthaí Eachtracha na hionstraimí is gá chun an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála a shaothrú (CBES):
- cinntí lena sainítear cur chuige an Aontais i ndáil le saincheist ar leith
- na bearta is gá chun CBES a chur chun feidhme, lena n-áirítear smachtbhannaí a d'fhéadfaí a chur.
Is i nótaí faisnéise ar a dtugtar "Conclúidí" a fhoilsítear na seasaimh fhoirmiúla ón gComhairle tar éis na gcruinnithe.
Is iad Coiste na mBuanionadaithe (COREPER) agus An Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) a ullmhaíonn obair na Comhairle ina hiomláine. Is é an CPS a bhíonn ag plé le saincheisteanna polaitiúla agus slándála CBES.
Faoi fhreagracht na Comhairle, déanann an CPS rialú polaitiúil agus stiúir straitéiseach freisin ar na hoibríochtaí bainistíochta géarchéime.
De bhreis air sin, tá 38 Meitheal (comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, mar a thugtar orthu) ina bpléann saineolaithe de chuid na mBallstát le ceisteanna i ndáil le CBES, saineolaithe a thagann le chéile de réir ábhar geografach agus de réir ábhar téamach (agus a chumhdaíonn, mar shampla, na Balcáin, an Meánoirthear, cearta an duine agus an sceimhlitheoireacht).
Is iad an tArdionadaí agus na Ballstáit a chuireann CBES chun feidhme, agus acmhainní náisiúnta agus acmhainní de chuid AE á n‑úsáid acu.