Comhar um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil
Le beartas AE maidir le comhar um fhorbairt, cuirtear leis na beartais forbartha a shaothraíonn na Ballstáit. Is é is príomhaidhm don bheartas sin go ndéanfaí forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch agus shóisialta ar na tíortha atá i mbéal forbartha, agus é mar phríomhchuspóir an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi.
Le beartas AE maidir le comhar um fhorbairt, dírítear i gcomhthráth ar an daonlathas agus an smacht reachta a dhaingniú, agus ar mheas ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha a chur chun cinn.
An caidreamh le stáit san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin, tá áit speisialta aige i gcomhar um fhorbairt de chuid AE.
Glacann an Chomhairle na bearta i ndáil le beartas forbartha, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, sa ghnáthnós imeachta reachtach. Bíonn an Chomhairle páirteach sa phleanáil bharrleibhéil do chláir ilbhliantúla comhair le tíortha i mbéal forbartha nó do chláir théamacha, agus ceapann an Coimisiún straitéisí bliantúla.
Féach freisin:
Le Conradh Liospóin tugadh isteach bunús sonrach dlí do chabhair dhaonnúil. Leis an bhforáil sin, leagtar an bhéim ar chur i bhfeidhm phrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus ar an neamhchlaontacht, ar an neodracht agus ar an neamh-idirdhealú. Beartaítear léi freisin go gcruthófar Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil.
Is é is aidhm d'oibríochtaí cabhrach daonnúla AE cúnamh ad hoc, faoiseamh agus cosaint a sholáthar do dhaoine i dtríú tíortha, ar daoine is íospartaigh iad i dtubaistí nádúrtha nó i dtubaistí de dhéantús an duine, d'fhonn freastal ar na riachtanais dhaonnúla a leanann ó na staideanna sin.
Féach freisin: