An Ghné Sheachtrach
An Eoraip i ndomhan domhandaithe - an ghné sheachtrach a bhaineann le saoirse, le slándáil agus leis an gceartas
Tugadh a lán comhaontuithe i gcrích mar thoradh ar an tábhacht mhéadaithe a bhaineann le caidrimh le tríú tíortha i ndáil le slándáil agus leis an gceartas (mar shampla: Comhaontú idir an AE agus na Stáit Aontaithe maidir le Cúnamh Dlí Frithpháirteach agus le hEiseachadadh Deireadh Fómhair 2009, comhaontuithe éagsúla um víosaí a éascú agus a léirscaoileadh, comhaontuithe um víosaí a éascú agus um athligean isteach). Trí tharraingt ar chreat instiúideach simplithe Chonradh Liospóin, beartaítear le Clár Stócólm forbairt a dhéanamh ar an gcomhar le tríú tíortha:
■ An ghné sheachtrach treisithe
Agus an tábhacht a bhaineann le gné sheachtrach bheartas an Aontais i limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais á cur san áireamh anois, ní mór na beartais sin a lánpháirtiú tuilleadh i mbeartais ghinearálta an Aontais agus, ar an gcéad dul síos, i mbeartas eachtrach an Aontais. Is ar na tosaíochtaí sa ghníomhaíocht sheachtrach a bhunófar ord tosaíochta ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais (Europol, Eurojust, Frontex, an Coláiste Eorpach Póilíneachta, an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí agus an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn).
Le glacadh Chonradh Liospóin tá deiseanna nua ag an Aontas gníomhú ar bhealach níos éifeachtúla sa chaidreamh seachtrach.
Le glacadh Chonradh Liospóin tá deiseanna nua ag an Aontas gníomhú ar bhealach níos éifeachtúla sa chaidreamh seachtrach. Áiritheoidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí comhchuibheas níos fearr idir ionstraimí traidisiúnta um beartais sheachtracha agus ionstraimí um beartais inmheánacha a bhfuil gnéithe seachtracha suntasacha ag dul leo, amhail na cinn a bhaineann leis an tsaoirse, leis an tslándáil agus leis an gceartas. Beidh breisluach ag dul le hinniúlacht shonrach a áirithiú i limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais i ndáil le toscaireachtaí an Aontais i dtíortha comhpháirtíochta straitéiseacha.
■ Cearta an duine
Ba cheart luachanna an Aontais a chur chun cinn agus ba cheart cloí go docht leis an dlí idirnáisiúnta agus forbairt an dlí sin a fhorbairt.
Le Conradh Liospóin bronntar ionstraimí nua ar an Aontas i ndáil le cearta bunúsacha a chosaint go hinmheánach agus go seachtrach araon. Ba cheart luachanna an Aontais a chur chun cinn agus ba cheart cloí go docht leis an dlí idirnáisiúnta agus an dlí sin a fhorbairt. Ní mór a chur san áireamh go bhfuil gnéithe inmheánacha agus gnéithe seachtracha de Chearta an Duine idirnasctha, mar shampla i ndáil le prionsabal an non refoulement nó úsáid phionós an bháis ag comhpháirtithe lena mbíonn an tAontas ag comhoibriú.
■ Tosaíochtaí téamacha leanúnacha le hionstraimí nua
Tá na heochairthosaíochtaí téamacha a ainmníodh sa straitéis bailí fós, i.e. an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe, an éillithe agus drugaí, mar aon le malartú sonraí pearsanta i dtimpeallacht atá slán agus cúrsaí imirce a bhainistiú. Tá gá le dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine agus i gcoinne daoine a smuigleáil.
■ Comhaontuithe le tríú tíortha
Foráiltear le Conradh Liospóin do nósanna imeachta atá nua agus níos éifeachtaí maidir le comhaontuithe le tríú tíortha a thabhairt i gcrích. Tá gá faoi leith le creat comhtháite reachta don Aontas maidir le haistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha chun críoch forghníomhaithe dlí. Féadfar samhail de chomhaontú réime a dhéanamh ina mbeidh croí eilimintí maidir le cosaint sonraí.
■ Tosaíochtaí geografacha
Na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta chomh maith le daingniú coinbhinsiún idirnáisiúnta, ní mór go leanfaidh an tAontas de bheith á gcur chun cinn.
Ba cheart go mbeadh gníomhaíocht an Aontais, sna caidrimh sheachtracha a bhíonn aige, dírithe ar eochair-chomhpháirtithe, go háirithe: tíortha is iarrthóirí agus tíortha a bhfuil ionchas acu a bheith ina mbaill den AE, tíortha comharsanachta na hEorpa, na Stáit atá sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch/Schengen, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Cónaidhm na Rúise agus tíortha nó réigiúin eile tosaíochta, i dtéarmaí a rannchuidithe le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais.
■ Eagraíochtaí idirnáisiúnta agus caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta a chur chun cinn
Athdhearbhaíonn an AE a thiomantas d'iltaobhachas éifeachtach lena bhforlíontar an chomhpháirtíocht dhéthaobhach agus réigiúnach le réigiúin agus le tríú tíortha. Na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta chomh maith le daingniú coinbhinsiún idirnáisiúnta, caithfidh an tAontas leanúint de bheith á gcur chun cinn, go háirithe na caighdeáin agus na coinbhinsiúin a forbraíodh faoi choimirce na NA, agus faoi choimirce Chomhairle na hEorpa agus faoi choimirce Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príomháideach.
.