Gnóthaí Ginearálta
Ag na seisiúin ar Ghnóthaí Ginearálta, pléann an Chomhairle le sainchomhaid a bhfuil éifeacht acu ar níos mó ná beartas amháin de chuid an Aontais, amhail idirbheartaíocht maidir le méadú an AE, ullmhú peirspictíochta buiséadaí ilbhliantúla nó ceisteanna institiúideacha agus riaracháin.
Déanann sí comhordú ar ullmhúchán le haghaidh chruinnithe na Comhairle Eorpaí agus ar an obair leantach a bhaineann leis na cruinnithe sin.
Bíonn ról aici freisin i gcomhordú na hoibre i réimsí eile beartais a chuirtear i gcrích i gcumraíochtaí eile na Comhairle, agus pléann sí le sainchomhad ar bith eile a mbíonn cúram ina leith curtha uirthi ag an gComhairle Eorpach.
Preasráitis Ghaolmhara