RÉAMHRÁ

 

COST - Comhar Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht - is creat Eorpach idir‑rialtasach é seo le haghaidh comhair idirnáisiúnta idir gníomhaíochtaí taighde a mhaoinítear go náisiúnta. Is é an córas Eorpach um líonrú is sine é ó thaobh taighde, córas a bunaíodh i 1971. Is é atá ann faoi láthair 35 Tír ar Comhaltaí iad agus stát amháin is comhoibreoir:

An Ostair, an Bheilg, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn,  An Phortaingéil, an Rómáin, an tSeirbia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis, an Tuirc agus an Ríocht Aontaithe. Iosrael (stát is comhoibreoir).

Seachas an taighde é féin a mhaoiniú, tugann COST foirne taighde le chéile i dtíortha éagsúla agus iad ag obair ar thopaicí ar leith, agus tacaíocht á tabhairt acu do líonrú, do chomhdhálacha, do mhalartuithe eolaíochta gearrthéarmacha agus do fhoilseacháin. Bíonn na gníomhaíochtaí comhordúcháin á dtacú ag Clár Réime um Thaighde agus Fhorbairt Theicniúil an AE.

Ceann de na príomhthréithe atá ag COST is ea a sholúbthacht: níl aon réimsí socraithe le haghaidh comhair, ach cuireann na heolaithe iad féin moltaí ar aghaidh le haghaidh Gníomhaíochtaí COST (prionsabal ón mbonn aníos). Ní gá go mbeadh ach cúig thír ar comhaltaí iad rannpháirteach, cé go mbíonn trí oiread foirne taighde nó suas le cúig oiread foirne taighde páirteach i gcuid de na Gníomhaíochtaí (prionsabal 'à la carte').

Tá ról suntasach ag COST i gcónaí maidir le comhar eolaíochta agus teicniúil a fhorbairt san Eoraip mar ghné thábhachtach den Limistéar Eorpach Taighde.