An Comhbheartas Tráchtála
Déanann an tAontas Eorpach caidreamh trádála agus infheistíochta le tíortha eile a bhainistiú tríd an gComhbheartas Trádála, ar inniúlacht eisiach de chuid AE é - mar sin is é AE amháin atá in ann reachtaíocht maidir le gnóthaí trádála a thabhairt isteach agus comhaontuithe trádála a chur i gcrích. Le Conradh Liospóin cuireadh le hinniúlacht an Aontais i réimse an Chomhbheartais Tráchtála le go n-áireofaí inti seirbhísí, cearta maoine intleachtúla agus infheistíocht dhíreach choigríche.
Maidir le beartas trádála, is ar an gCoimisiún atá an fhreagracht comhaontuithe trádála a chaibidliú agus a bhainistiú a mbaineann leasuithe taraife, forálacha custaim agus trádála agus bearta cosanta leo. Tá ról lárnach ag an gComhairle toisc go dtugann sí sainordú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht agus toisc go dtugann sí treoracha caibidlíochta don Choimisiún trí "Coiste Trádála" na Comhairle.
Chomh maith leis sin glacann an Chomhairle na bearta chun an comhbheartas trádála a chur chun feidhme i gcomhar le Parlaimint na hEorpa (an gnáthnós imeachta reachtach).
Tagann na hAirí Trádála le chéile laistigh den Chomhairle dhá uair sa bhliain de ghnáth agus is í Uachtaránacht uainíochta na Comhairle a bhíonn ina cathaoirleach ar na cruinnithe sin.
Féach freisin: