Comhaontuithe

Tugann an tAontas Eorpach líon áirithe comhaontuithe i gcrích gach bliain le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. D'fhéadfadh na Comhaontaithe seo raon leathan a bheith acu, mar shampla Comhaontaithe Trádála,  Comhair, Forbartha agus Comhlachais, nó d'fhéadfadh siad réimse fairsing ábhar a chlúdach, ina measc: teicstílí; iascach; custam; eolaíocht agus teicneolaíocht; iompar;etc..

Féadfaidh an tAontas Eorpach freisin comhaontaithe le tríú tíortha nó le heagraíochtaí a thabhairt i gcrích faoi na téarmaí a leagtar síos in Airteagal 37 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i dtaca le hábhair a thagann faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES).

Ar an láithreán idirlín seo is féidir eolas a fháil faoi na Comhaontuithe seo, lena n‑áirítear Comhaontuithe atá á bhformheas. Déantar an t-eolas seo a nuashonrú go laethúil le sonraí i dtaobh dátaí sínithe, formheasa agus teacht i bhfeidhm. Tagrófar freisin d'aon fhorchoimeádas ábhartha nó d'aon dearbhú a dhéanfaidh Páirtí sa Chomhaontú agus cuirfear téacs na ndearbhuithe seo ar fáil, ina n-iomláine, ar an láithreán idirlín seo.

Tá eolas ar an láithreán  idirlín seo freisin i dtaobh Coinbhinsiún a rinneadh idir Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i réimsí áirithe, mar shampla an Comhar Breithiúnach agus Póilíneachta in Ábhair Choiriúla, Dlí na gCuideachtaí agus an Cánachas Dúbailte.

Nuair a fhoilseofar Comhaontú nó Coinbhinsiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tabharfar tagairt agus is féidir rochtain a fháil ar an téacs seo ach cliceáil ar an tagairt. 

Ba cheart aon cheist bhreise nó aon bharúil i dtaca leis an láithreán idirlín seo a dhíriú i r-phost chuig: coordination.accords@consilium.europa.eu