Fáiltíonn AE roimh an 28ú mBallstát - an Chróit

Is í an Chróit an chéad tír sna Balcáin Thiar chun dul isteach san Aontas Eorpach. Tá aontachas na tíre an 1 Iúil 2013 mar thoradh ar phróiseas caibidlíochta a lean ar feadh deich mbliana.

<p>© nadalinna - Fotolia.com</p>

© nadalinna - Fotolia.com

Chuir an Chróit isteach go foirmiúil ar bhallraíocht AE in 2003 agus ó shin i leith tá saothar suntasach curtha uirthi féin agus chomhlíon sí na critéir aontachais go léir ba ghá chun í a thabhairt i gcomhréir le dlíthe agus le caighdeáin AE. Rinneadh dul chun cinn suntasach i réimsí amhail an smacht reachta, an comhrac i gcoinne an éillithe, cearta an duine agus cosaint na mionlach.

"Gan trácht ar na buntáistí soiléire atá ann di féin agus do AE, léirítear le haontachas na Cróite go gcomhlíonann AE a chuid gealltanas ina leith sin nuair a chomhlíontar na coinníollacha. Agus tiomantas na Cróite á thabhairt dá haire aici, is é sin, nár cheart ceisteanna déthaobhacha a bheith mar bhac do phróiseas an aontachais, tá súil ag an gComhairle go leanfaidh an Chróit de ról gníomhach, dearfach a bheith aici sa chomhar réigiúnach sna Balcáin Thiar."

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gCróit, mí Aibreáin 2013

 

 

 

An Chróit sa Chomhairle

An córas vótála

Ón 1 Iúil 2013, is gá go gcaithfidh ar a laghad 15 Bhallstát ar a laghad 260 vóta as 352 chun go nglacfar reachtaíocht trí thromlach cáilithe. Tá 7 vóta ag an gCróit (an méid céanna agus atá ag an Danmhairg, ag Éire, ag an Liotuáin, ag an tSlóvaic agus ag an bhFionlainn).

 

Na teangacha oifigiúla

Lá an aontachais, beidh an Chróitis ina 24ú theanga oifigiúil den Aontas Eorpach, agus beidh stádas dlíthiúil agus polaitiúil aici a bheidh comhionann leis na teangacha oifigiúla eile de AE. Tá reachtaíocht uile AE á cur i dtoll a chéile sa Chróitis.

 

 

Amlíne - conair na Cróite i dtreo bhallraíocht AE



An Chróit - fíricí agus figiúirí

An t‑ainm iomlán: Poblacht na Cróite
An Daonra: 4.3 milliún
An Phríomhchathair: Zagreb
An córas polaitiúil: An daonlathas parlaiminteach
Achar iomlán: 56 594 km2
An teanga oifigiúil: An Chróitis/hrvatski
An tAirgeadra: kuna (HRK)

 

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair    Ní bhfuair

 

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?