Comhdháil Idir-Rialtasach 2007
I bhfianaise thoradh CIR 2000, ar eascair Conradh Nice aisti, shocraigh an Chomhairle Eorpach go n-eagrófaí Coinbhinsiún chun féachaint conas a d'fhéadfaí an tAontas a dhéanamh níos daonlathaí, níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla. Tháinig an Coinbhinsiún sin le chéile idir Márta 2002 agus Iúil 2003, agus ba é a dhréachtaigh an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip, a beartaíodh a chur in ionad na gconarthaí a bhí ann go dtí sin. Cuireadh an Conradh faoi bhráid CIR eile agus aontaíodh é, agus leasú áirithe déanta air, i Meitheamh 2004, agus síníodh i mí Dheireadh Fómhair an bhliain chéanna é.
De thoradh na bhfadhbanna a tháinig aníos le linn phróiseas daingniúcháin an Chonartha ag bunú an Bhunreachta in 2005, chinn an tAontas go gcuirfí próiseas machnaimh ar siúl maidir leis an athchóiriú a bheadh le déanamh amach anseo. Mar thoradh air sin, d'iarr an Chomhairle Eorpach ar Uachtaránacht na Gearmáine a bhí le teacht in oifig tuarascáil a ullmhú maidir leis an mbealach is fearr chun dul ar aghaidh.
Ba í an tuarascáil sin, mar aon leis an obair a thionscain Uachtaránacht na Gearmáine, a chuir ar chumas na Comhairle Eorpaí, ina cruinniú an 21 agus an 22 Meitheamh 2007, a aontú go dtionólfaí CIR eile, agus sainordú mionsonraithe a fhormheas a bheadh mar bhonn dá cuid oibre.
D'iarr an Chomhairle Eorpach ar an Uachtaránacht Phortaingéalach a bhí ar tí a theacht isteach dréacht-Chonradh a ullmhú a bheadh ag teacht le téarmaí an tsainordaithe agus é a chur faoi bhráid an CIR a luaithe agus a chuirfí tús léi.
Cuireadh tús leis an CIR an 23 Iúil 2007 agus críochnaíodh a cuid oibre an 18 Deireadh Fómhair. An 18 Nollaig 2007 i Liospóin a síníodh an Conradh a tháinig as an bpróiseas sin.