Beartas maidir le rochtain ar dhoiciméid de chuid na Comhairle Eorpaí agus de chuid na Comhairle
Ó tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm i mBealtaine 1999, leagadh síos forálacha sonracha maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid na n-institiúidí in Airteagal 255 den Chonradh CE. Is é atá san Airteagal seo an bunús dlí do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin; rinneadh Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) de i Nollaig 2009 mar thoradh ar Chonradh Liospóin.
I gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 15(3) CFAE, déantar rialacha sainiúla lena rialaítear rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle a leagan amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle. Tá feidhm ag na rialacha sin mutatis mutandis maidir le doiciméid na Comhairle Eorpaí, mar a fhoráiltear le hAirteagal 10(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Eorpaí.
De bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, foilsíonn an Chomhairle tuarascáil bhliantúil maidir le rochtain ar dhoiciméid na Comhairle. Go dtí seo, ghlac an Chomhairle tuarascálacha bliantúla maidir leis na blianta 2002, 2003, 2004, 2005, 2006, 2007, 2008, 2009 agus 2010 agus d'fhoilsigh sí na tuarascálacha sin.
Tuilleadh eolais