Trédhearcacht Reachtach

Is éard atá sa chuid seo faisnéis maidir le gníomhaíocht na Comhairle mar chomhlacht reachtach.

  • Trí na cláir ama agus na cláir oibre, cuirtear an pobal ar an eolas faoi chruinnithe na Comhairle agus faoi chruinnithe na gcomhlachtaí ullmhúcháin eile agus freisin faoi na cláir oibre atá le teacht.
  • Tríd an Achoimre Mhíosúil ar Ghníomhartha na Comhairle, tugtar liosta de ghníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha a ghlac an Chomhairle, lena n-áirítear torthaí na vótála, míniú ar an vótáil agus ráitis atá le cur sna miontuairiscí nuair a bhíonn an Chomhairle ag gníomhú ina cáil mar reachtóir.
  • Miontuairiscí na Comhairle déantar achoimre ar na cinntí a rinneadh agus uaireanta ar ábhar na díospóireachta a bhí ann le linn an chruinnithe sin den Chomhairle. Tá torthaí na vótála agus míniú ar an vótáil a rinne comhaltaí na Comhairle sna haguisíní a ghabhann leis na dréachtmhiontuairiscí, chomh maith leis na ráitis i miontuairiscí na Comhairle, a phoiblítear, de bhun Airteagal 7(4) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, nuair atá an Chomhairle ag gníomhú ina cáil mar reachtóir, nó i gcomhréir le hAirteagal 9(1) sna cásanna sin ina nglacann an Chomhairle gníomhartha neamhreachtacha áirithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) dá Rialacha Nós Imeachta.
  • Poiblítear torthaí na vótála ar ghníomhartha reachtacha agus féadfar breathnú orthu ar Vótaí Poiblí.
  • Tá tuilleadh eolais maidir le nósanna imeachta agus gníomhartha le fáil faoi Naisc.