Miontuairiscí chruinnithe na Comhairle
maidir le hionstraimí dlíthiúla a ghlacadh
(aguisín le dréachtmhiontuairscí na Comhairle)

Miontuairiscí na Comhairle
i gcoitinne

2012

2012

2011

 2011

2010

 2010

2009

 2009

2008

 2008

2007

 2007

2008

 2008

2007

 2007

2006

 2006

2005

 2005

2004

2004

2003

2003

2002

2002

2001

2001

2000

2000

1999

1999


 

CUR SÍOS

De bhun Airteagal 207 (3) Chonradh CE, nuair a bhíonn an Chomhairle ag gníomhú ina cáil mar reachtóir, poiblítear torthaí na vótála agus míniú ar an vótáil. Foilsítear mar aguisíní a ghabhann le dréachtmhiontuairiscí na Comhairle iad.

Déantar achoimre i miontuairiscí chruinniú na Comhairle ar na cinntí a rinneadh agus uaireanta ar ábhar na díospóireachta a bhí ann le linn an chruinnithe sin den Chomhairle. Féadfar iad a phoibliú ar iarratas a dhéanamh chuige sin.

Is iondúil go mbíonn trí phointe sna miontuairiscí maidir le gach ítim atá ar chlár chruinniú na Comhairle:

- tásc ar na doiciméid a cuireadh faoi bhráid na Comhairle;
- cinntí a rinne an Chomhairle nó conclúidí ar tháinig sí orthu;
- ráitis a d'eisigh an Chomhairle agus ráitis a d'iarr comhalta den Chomhairle nó an Coimisiún a chur isteach sna miontuairiscí.

Gheobhaidh tú faisnéis bhreise maidir le cruinnithe na Comhairle sna preaseisiúintí a eisíonn an Ardrúnaíocht tar éis gach cruinniú den Chomhairle.

Féadfar breathnú freisin ar achoimre mhíosúil ar ghníomhartha na Comhairle. Tugann an achoimre seo liosta de ghníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha na Comhairle, lena n-áirítear torthaí na vótála, míniú ar an vótáil agus ráitis atá le cur sna miontuairiscí nuair a bhíonn an Chomhairle ag gníomhú ina cáil mar reachtóir.

Féadfar faisnéis a fháil faoi thrédhearcacht reachtach na Comhairle ach r-phost a chur chuig an seoladh seo a leanas: "public.records@consilium.europa.eu".