Iarratas a chur isteach ar rochtain ar dhoiciméid de chuid na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle
Tá clár poiblí de dhoiciméid na Comhairle ann ón 1 Eanáir 1999. Mura n-aimsíonn tú an doiciméad atá á lorg agat, féadfaidh tú iarratas a chur isteach.
Conas iarratas a chur isteach?
- Féadfaidh tú doiciméad a iarraidh freisin trí litir a sheoladh chugainn:
Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
DG F - Communication
rue de la Loi 175
B-1048 Brussels
nó trí fhacs a chur:
+32 (0)2 281 4977
Cathain a gheobhaidh mé freagra?
Tabharfaidh an Ardrúnaíocht freagra ar iarratas ar rochtain laistigh de 15 lá oibre, ach is féidir, go heisceachtúil, 15 lá oibre breise a chur leis an tréimhse sin.
Cén modh ina mbeidh rochtain agam?
Beidh rochtain ag an iarratasóir ar dhoiciméid trí chóip leictreonach den doiciméad a fháil nó, mura féidir é sin a dhéanamh ar chúiseanna teicniúla, trí chóip chrua a fháil. Is féidir breathnú ar dhoiciméid ar an láthair freisin.
Cad is féidir a dhéanamh má dhiúltaítear rochtain a sholáthar?
Má dhiúltaítear an t-iarratas, beidh 15 lá oibre ag an iarratasóir chun iarratas deimhnitheach a dhéanamh agus iarraidh ar an institiúid lena mbaineann athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh.
Má dhiúltaítear an t-iarratas deimhnitheach, cuirtear in iúl don iarratasóir gur féidir léi/leis gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman nó caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta.