Comhairle an Aontais Eorpaigh

Cinnteoir bunriachtanach don Aontas Eorpach í an Chomhairle

JL buildingGlacann an Chomhairle gníomhartha a dhéanann difear go díreach do shaol na saoránach agus a mbíonn tionchar idirnáisiúnta suntasach acu, agus is i gcomhar le Parlaimint na hEorpa a dhéanann sí é sin níos minice ná a mhalairt.

Is í an Chomhairle institiúid an Aontais ina mbíonn ionadaithe rialtais na mBallstát, is é sin le rá airí ó gach Ballstát atá freagrach as réimse ar leith. Bíonn comhdhéanamh agus minicíocht na gcruinnithe a bhíonn ag an gComhairle éagsúil ag brath ar na hábhair a bhíonn á bplé. Bíonn cruinniú ag na hairí Gnóthaí Eachtracha, mar shampla, thart ar uair amháin in aghaidh na míosa ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha. Cosúil leis sin, bíonn cruinniú ag na hairí Eacnamaíochta agus Airgeadais uair amháin sa mhí le linn na Comhairle a bpléitear na gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais inti, ar a dtugtar an Chomhairle Ecofin.

Tá deich gcinn d'fhoirmíochtaí den Chomhairle, ann, lena gcumhdaítear beartais uile an Aontais. Tagann na hairí Gnóthaí Eachtracha nó na hairí Gnóthaí Eorpacha le chéile ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta agus is í an Chomhairle sin a áirithíonn comhsheasmhacht imeachtaí na bhfoirmíochtaí difriúla den Chomhairle agus a dhéanann na hullmhúcháin do na cruinnithe a bhíonn ag an gComhairle Eorpach.

Cúraimí na Comhairle
  • Glacann sí gníomhartha reachtacha (Rialacháin, Treoracha, etc.), de ghnáth i "gcomhchinnteoireacht" le Parlaimint na hEorpa;
  • Cuidíonn sí chun beartais na mBallstát a chomhordú. Déanann sí é sin i gcúrsaí eacnamaíocha mar shampla;
  • Déanann sí forbairt ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, ar bhonn treoirlínte straitéiseacha arna leagan amach ag an gComhairle Eorpach;
  • Tugann sí comhaontuithe idirnáisiúnta chun críche thar ceann an Aontais;
  • Glacann sí buiséad an Aontais, in éineacht le Parlaimint na hEorpa.

 

An Chomhairle mar reachtóir

Is í an Chomhairle, in éineacht le Parlaimint na hEorpa, a ghníomhaíonn mar reachtóir an Aontais. Den chuid is mó, ní féidir leis an gComhairle reachtaíocht a thabhairt isteach ach ar bhonn tograí a chuireann an Coimisiún Eorpach faoina bráid. Is féidir léi iarraidh ar an gCoimisiún aon tograí iomchuí a chur faoina bráid. Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, is féidir le milliún saoránach ina theannta sin achainí chuig an gCoimisiún a shíniú chun togra a thabhairt chun cinn. Is é sin ceart tionscnaimh na saoránach.

Socraítear líon na vótaí is féidir le gach Ballstát a chaitheamh sna Conarthaí. Déantar na cásanna inar gá tromlach simplí, tromlach cáilithe nó aontoilíocht a shainiú leis na Conarthaí freisin.

Suíonn an Chomhairle go poiblí nuair a bhíonn togra le haghaidh gnímh reachtaigh á phlé aici agus nuair a bhíonn vóta á chaitheamh aici i ndáil leis an togra sin nó nuair a bhíonn díospóireacht ghinearálta ar siúl. Is féidir leat na himeachtaí sin a leanúint i bhfíor-am ar shuíomh Idirlín na Comhairle (video.consilium.europa.eu) agus féachaint, mar shampla, cén chaoi a gcuireann d'aire seasamh do thíre in iúl. Tá rochtain ag cách freisin ar na doiciméid i scríbhinn a bhíonn ar fáil do na hairí.

Ar an lámh eile, áfach, ní bhíonn na díospóireachtaí maidir le réimsí nach mbaineann leis an reachtaíocht, amhail gnóthaí eachtracha mar shampla, oscailte don phobal. Ach i gcónaí i ndiaidh chruinnithe na Comhairle bíonn comhdháil phreasa agus soláthraítear preaseisiúint lena mínítear na cinntí a rinneadh.

Bainfear tromlach cáilithe amach má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

  • má fhormheasann tromlach na mBallstát (tromlach dhá thrian i gcásanna áirithe) an cinneadh;
  • má chaitear 255 vóta, ar a laghad, ar son an togra as iomlán de 345 vóta.

 

De bhreis air sin, féadfaidh gach Ballstát deimhniú a iarraidh gurb ionann na vótaí a caitheadh ar son togra agus 62 %, ar a laghad, de phobal iomlán an Aontais. Má fhionntar nach amhlaidh atá, ní ghlacfar an cinneadh.

Dáileadh na vótaí le haghaidh gach Ballstáit 
An Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil agus an Ríocht Aontaithe 29
An Spáinn, an Pholainn 27
An Rómáin 14
An Ísiltír 13
An Bheilg, Poblacht na Seice, an Ghréig, an Ungáir, an Phortaingéil 12
An Ostair, an Bhulgáir, an tSualainn 10
An Danmhairg, Éire, an Liotuáin, an tSlóvaic, an Fhionlainn 7
An Chipir, an Eastóin, an Laitvia, Lucsamburg, an tSlóivéin 4
Málta 3
IOMLÁN 345
Áireamhán Vótála chun patrúin vótála éagsúla a chumadh agus na torthaí a ríomh.

 



Uachtaránacht na Comhairle

 

Ord uainíochta na hUachtaránachta 
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE an 1 Eanáir 2007 lena gcinnfear an t-ord ina sealbhófar oifig Uachtarán na Comhairle

arrow-single-blueTuilleadh anseo

2013-Irish Presidency

Bíonn gach ceann de na 27 Ballstát den Aontas ar a sheal i mbun uachtaránacht na Comhairle ar feadh tréimhse sé mhí. I rith na tréimhse sin, bíonn an Uachtaránacht ina cathaoirleach ar chruinnithe ar gach leibhéal, molann sí treoirlínte agus dréachtaíonn sí na comhréitigh atá riachtanach le go ndéanfaidh an Chomhairle cinntí.

Níl ach foirmíocht amháin den Chomhairle ann nach bhfuil an Uachtaránacht sé mhí ina cathaoirleach air: is í sin an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ar a bhfuil Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ina cathaoirleach ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. Tá an post sin ag Catherine Ashton Uasal ón 1 Nollaig 2009 i leith. Chomh maith leis sin tá cathaoirleach buan, a cheapann an tArdionadaí, ag thart ar fiche meitheal sa réimse Gnóthaí Eachtracha.