Foirmíochtaí na Comhairle
Bíonn gach Ballstát rannpháirteach in obair na Comhairle a ullmhú agus sa chinnteoireacht.
Airí na mBallstát atá sa Chomhairle. Tagann an Chomhairle le chéile i ndeich gcinn de fhoirmíochtaí éagsúla, de réir an ábhair a bhíonn á phlé. Mar shampla, is éard atá i gceist leis an bhfoirmíocht "Gnóthaí Eachtracha" na hairí um ghnóthaí eachtracha, agus leis an bhfoirmíocht "Ceartas agus Gnóthaí Baile" na hairí um cheartas agus gnóthaí baile, agus mar sin de.
Is é Coiste na mBuanionadaithe (COREPER) a ullmhaíonn nó a chomhordaíonn obair uile na Comhairle, agus is iad buanionadaithe na mBallstát agus a gcúntóirí atá ag obair sa Bhruiséil atá ar an gCoiste sin. Bíonn obair an Choiste sin á hullmhu ag breis agus 150 coiste agus meitheal, arb iad toscairí ó na Ballstáit a gcomhaltaí.
Ina measc siúd, bíonn ról ar leith ag roinnt áirithe coistí maidir le comhordú agus saineolas a chur ar fáil i réimsí ar leith, amhail, mar shampla, an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, agus an Coiste Polaitiúil agus Slándála (a bhfuil sé de chúram air faireachán a dhéanamh ar an staid idirnáisiúnta i réimsí an bheartais eachtraigh agus an chomhbheartais slándála agus maoirseacht pholaitiúil agus treoir straitéiseach a chur ar fáil, faoi fhreagracht na Comhairle, in oibríochtaí bainistíochta géarchéime) agus an Coiste Comhordúcháin, a bhfuil sé d'fhreagracht air an obair a ullmhú i réimse an chomhair phóilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla.