Buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle

Le Rannóg II de Bhuiséad Ginearálta an AE, leagtar amach an buiséad don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle (CE/C) laistigh d'aon struchtúr coiteann buiséid amháin.

Is é EUR 535,5 milliún an buiséad CE/C don bhliain 2013, agus is méadú de EUR 1,5 milliún an tsuim sin le hais suim na bliana 2012.

  • Tuartar, le buiséad an CE/C don bhliain 2013, go mbeidh leithreasaí ann le haghaidh tuairim is 3150 oifigeach, leithreasaí arb ionann iad agus 60 % den bhuiséad.
  • Eagraíonn an Chomhairle breis agus 4500 cruinniú oifigiúil sa bhliain. Is ionann costas díreach na gcruinnithe seo (e.g. costas taistil na dtoscaireachtaí agus costais ateangaireachta) agus 22 % den bhuiséad iomlán.
  • Is ionann an caiteachas a bhaineann leis na foirgnimh agus leis an mbonneagar agus 8 % den bhuiséad, agus is ionann an caiteachas ar chórais ríomhaireachta, ar threalamh agus ar throscán agus 8% eile den bhuiséad.


In 2013, cuimsítear le Rannóg II tuairim is 0,4% de bhuiséad an AE. Is ionann é sin agus tuairim is 6 % de chaiteachas iomlán riaracháin institiúidí uile an AE.

Tosaíonn bunú an CE/C in Eanáir trí na cuspóirí agus na tograí a chur ar bun do na hacmhainní is gá don bhliain dár gcionn. Ar an mbonn sin, bunaítear "meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas" na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle, agus leagtar faoi bhráid na Comhairle é, agus tar éis sin cuimsítear é sa togra ón gCoimisiún maidir leis an Dréachtbhuiséad.

Táthar ag súil go dtabharfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa comhsheasamh maidir le buiséad an AE don bhliain dar gcionn chun críche ag an gCoiste Idir-réitigh faoi lár mhí na Samhna. A luaithe is féidir tar éis dóibh an comhsheasamh a bhaint amach, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an toradh ar bhonn foirmiúil, de réir na nósanna imeachta inmheánacha atá acu

Doiciméid

Bullet01

Financial activity report 2011 (Section II - European Council and Council) (en)

Bullet01

Soláthar poiblí ar líne Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil, 10 Meitheamh 2009 (fr)