Earcaíocht

Earcaíonn Ard-Rúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh daoine ar bhonn liostaí na n-iarrthóirí oiriúnacha a tharraingítear suas mar thoradh ar chomórtais oscailte, a eagraítear do chatagóirí éagsúla foirne. Ó thús 2003 is í Oifig na gComhphobal Eorpach um Roghnú Pearsanra (EPSO) a eagraíonn agus a dhéanann bainistiú ar na comórtais ar leibhéal idirinstitiúideach. Is féidir dul i dteagmháil leo ag an uimhir seo a leanas: +32 2 299 31 21, nó trína láithreán gréasáin: http://www.europa.eu/epso.

Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle comórtais a eagrú de réir a cuid riachtanas féin, d'fhonn poist a líonadh dá dteastaíonn ardspeisialtóireacht, nó fógraí earcaíochta a fhoilsiú laistigh de réimsí sainfheidhme.

Má tá níos mó ceisteanna agat maidir le hearcú in Ard-Rúnaíocht na Comhairle, seol rphost chugainn, le do thoil.