Rialacha teanga institiúidí an Aontais Eorpaigh
Is saintréith de chuid an Aontais Eorpaigh agus buntáiste cultúrtha den chéad scoth í an éagsúlacht teanga. Is é an toradh a bhí ar aontachas deich gcinn de Bhallstáit nua i mí na Bealtaine 2004, agus ar aontachas dhá Bhallstát nua eile lena gcois i mí Eanáir 2007, gur tháinig méadú faoi dhó ar líon na dteangacha oifigiúla. Níl aon eagraíocht ná aon institiúid eile ann ar domhan a oibríonn trí mheán a oiread sin teangacha.
Tá "rialacha comhchoiteanna teanga", a chinn an Chomhairle i 1958, ag institiúidí an Aontais Eorpaigh. Foráiltear anois leis na rialacha sin, a leasaíodh de réir mar a mhéadaigh an tAontas, do thrí theanga agus fiche oifigiúla agus oibre, eadhon, an Béarla, an Bhulgáiris, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis, an Ungáiris agus an Rómáinis. D'fhonn feidhmiú na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle mar institiúidí ilteangacha a chinntiú, tá Seirbhís Teanga ag Ardrúnaíocht an Comhairle a chomhoibríonn go dlúth, le haghaidh na dtéacsanna reachtaíochta, le Stiúrthóireacht "Cháilíocht na Reachtaíochta" sa tSeirbhís Dlí.