Cur i bhfeidhm na rialacha teanga sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle

Cuireann an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle rialacha comhchoiteanna teanga institiúidí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm ar bhealach comhtháite.

I bpléití na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle cuireann ionadaithe na mBallstát (na hAirí ar leibhéal na Comhairle, na Ceannairí Stáit nó Rialtais ar leibhéal na Comhairle Eorpaí) iad féin in iúl ina dteanga féin, agus áirithíonn ateangairí Ardstiúrthóireacht na hAteangaireachta sa Choimisiún Eorpach (an SCIC mar a bhí) an dea-chumarsáid ilteangach ó bhéal.

Bíonn plé na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle bunaithe ar dhoiciméid a chuirtear faoina mbráid i ngach aon cheann de na teangacha oifigiúla agus oibre. Is ionann an luach, idir dhlíthiúil agus pholaitiúil, atá ag na leaganacha sna teangacha uile. Tá na gníomhartha dlíthiúla a ghlac an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle, mar aon leis na Conarthaí agus na téacsanna go léir a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar fáil freisin saor in aisce sna teangacha oifigiúla uile ar an mbunachar sonraí idirinstitiúideach Eur-Lex.

Maidir leis an gcumarsáid leis na saoránaigh, cuireann an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle rompu i gcónaí prionsabal an ilteangachais a chur i bhfeidhm oiread agus is féidir. Faoin gConradh, tá sé de cheart ag gach saoránach de chuid an Aontais scríobh chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle - agus chuig ceann ar bith d'institiúidí nó de chomhlachtaí an Aontais - i gceann de na teangacha oifigiúla agus freagra scríofa a fháil sa teanga chéanna sin.

Ach mar sin féin, ar chúiseanna praiticiúla, tá teorainn leis an ilteangachas sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle, agus bhí riamh. Sa chumarsáid inmheánach sna hinstitiúidí féin, a bhfuil a n‑oifigigh agus a seirbhísigh uile ceaptha eolas a bheith acu ar dhá theanga de chuid an Aontais chomh maith lena dteanga dhúchais, úsáidtear na teangacha is mó a bhfuil cur amach ag daoine orthu; is mar a chéile é i gcás na n-imeachtaí ar a bhfreastalaíonn saineolaithe nó oifigigh ó na Ballstáit, daoine arb iondúil go mbíonn teanga iasachta amháin, ar a laghad, acu. Ar bhonn praiticiúil a chuirtear na teorainneacha seo i bhfeidhm, agus ar chúiseanna buiséadacha, mar cumasaítear leo srian a chur leis an gcaiteachas oibriúcháin.