Cuairteanna Faisnéise ar an gComhairle
Féadfaidh grúpaí ina bhfuil ar a laghad 15 duine atá os cionn 15 mbliana d'aois cuairteanna faisnéise a thabhairt ar an gComhairle. Maireann na cuairteanna idir uair agus dhá uair an chloig; is éard a bhíonn iontu cur síos ó oifigeach de chuid na Comhairle agus ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh sin. D'fhéadfadh sé gur cur síos ginearálta ar an gComhairle Eorpach agus ar an gComhairle a bheadh sa chaint nó b'fhéidir cur i láthair ní ba mhionsonraithe ar ábhar ar leith, ag brath ar an ngrúpa féin. Má iarrtar é, is féidir linn seimineáir a eagrú freisin. Féadfar cuairteanna a eagrú in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Ní féidir cuairteanna ar an bhfoirgneamh a eagrú ar chúiseanna slándála. De bharr líon mór na n-iarratas a fhaightear, ba cheart cuairteanna a chur in áirithe ar a laghad dhá mhí roimh ré.
.jpg)
Am: Féadfar cuairteanna a eagrú gach lá oibre nach mór agus tosaíonn siad de ghnáth idir 9 am agus 11 am nó idir 1.30 pm agus 4 pm.
Líon an ghrúpa: 15 duine ar a laghad.
Grúpaí mac léinn: I gcás grúpaí mac léinn, ní foláir na háirithintí a dhéanamh faoi ainm ionadaí an fhorais oideachais/oiliúna nó faoi ainm ionadaí na mac léinn. Ní foláir don ionadaí a bheith i dteannta an ghrúpa le linn na cuairte.
Grúpaí scoile: Cé go bhfuil na cuairteanna faisnéise níos oiriúnaí do dhaoine fásta, glacaimid le grúpaí scoile atá 15 mbliana d'aois nó níos sine. Ní foláir áirithintí a dhéanamh faoi ainm na scoile, agus caithfidh ar a laghad duine fásta amháin a bheith i dteannta gach deichniúr dalta sa ghrúpa.
Inrochtaineacht: Tá foirgneamh na Comhairle inrochtana d'úsáideoirí cathaoireacha rothaí.
Conas teacht orainn: Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Rue de la Loi / Wetstraat 175, B-1048 An Bhruiséil. Cliceáil anseo chun léarscáil a fheiceáil.
Iompar: Féadfaidh cóistí a bhfuil paisinéirí á n-iompar acu páirceáil os comhair an phríomhdhorais le linn do phaisinéirí a bheith ag dul ar bord orthu nó ag tuirlingt díobh. Tá stáisiún traenach, stáisiún meitreo Schuman agus stad an bhus sa gharchomharsanacht.
Áirithintí:
■ Trí fhacs a chur chuig Seirbhís na gCuairteanna ar +32 (0)2 281 6609. Caithfear an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil:
- faisnéis maidir leis an eagraíocht (ainm, seoladh, duine teagmhála, uimhir theileafóin, ríomhphost etc.)
- dhá dháta ar a bhféadfar an chuairt a dhéanamh
- líon agus aoiseanna na rannpháirtithe (15 mbliana d'aois ar a laghad)
- aon iarratais speisialta maidir leis an léacht ag brath ar ábhair spéise an ghrúpa agus ar an eolas atá acu ar an Aontas Eorpach
■ Nó tríd an bhfoirm iarratais leictreonach a líonadh isteach.
Ba cheart do cheannaire an ghrúpa an t-iarratas a dhéanamh. De ghnáth, ba cheart gach cuairt a chur in áirithe ar a laghad dhá mhí roimh ré. Nuair a bheidh an t-iarratas faighte againn, rachaimid i dteagmháil leat chun an chuairt a dhearbhú agus, más gá, chun sonraí breise a fháil maidir leis an iarratas. Ní féidir linn glacadh le háirithintí ar an bhfón ach beimid in ann do chuid ceisteanna a fhreagairt agus cuidiú leat an chuairt a phleanáil ar +32 (0)2 281 2140.
Tabhair faoi deara go bhfuil ionad comhpháirteach faisnéise agus doiciméadúcháin ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún Eorpach ag Europe Info Europa, gar do cheanncheathrú na Comhairle ag Rue Archimède / Archimedesstraat 1, 1000 An Bhruiséil. Tá deasc faisnéise ag an ionad, a bhíonn ar oscailt i rith na seachtaine (Luan go Déardaoin 9 am - 5 pm, Aoine 9 am 4 pm), agus tá foilseacháin saor in aisce.
Ráiteas príobháideachais:
Déileálfaidh DGF, Cumarsáid - Seirbhís na gCuairteanna le d'iarratas i gcomhréir le forálacha
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (Iris Oifigiúil L 8, 12.1.2001, lch. 1). Ní bhainfidh Seirbhís na gCuairteanna úsáid as do shonraí pearsanta ach amháin chun d'iarratas a láimhseáil. Chun críocha staidrimh, coinneofar iad i gcartlann na Seirbhíse go ceann cúig bliana ar a mhéad, agus scriosfar iad ina dhiaidh sin. Tá sé de cheart agat rochtain a bheith agat ar na sonraí a bhaineann leat atá ag seirbhís na Cúirte (Ceannasaí Seirbhíse: an tUasal Gérard Déjoué, Guth.: +32 2 281 48 10) agus tá sé de cheart agat freisin do chás a thabhairt os comhair an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.