Téacsanna dlí
Téacsanna dlí - cá bhfaighinn iad?
Is in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear téacsanna dlí an Aontais Eorpaigh. Seo thíos na bealaí is éasca chun teacht orthu:
- Tá na heagráin is déanaí den Iris Oifigiúil, mar aon leis na conarthaí, ar fáil saor in aisce sa bhunachar sonraí EUR-Lex.
- San Eolaire ar reachtaíocht atá i bhfeidhm, atá ar EUR-Lex, tá tagairtí do Rialacháin, do Chinntí, do Mholtaí agus do Threoracha, iad aicmithe de réir ábhair. Tá nasc ann freisin chuig téacs iomlán an ghníomhartha atá i dtrácht, sna teangacha oifigiúla go léir.
- Is féidir cóipeanna páipéir de na hIrisí Oifigiúla agus de dhoiciméid eile a ordú freisin ó Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, agus cuirfear chugat i ríomhphost, ar facs nó tríd an bpost iad.
- Na Lárionaid Doiciméadúcháin Eorpacha atá suite i leabharlanna an iliomad ollscoileanna agus institiúidí taighde ar fud an Aontais, cuireann siad comhaid chuimsitheacha sonraí ar fáil chomh maith le rochtain phribhléideach ar an mbunachar sonraí thuasluaite.