Ardrúnaíocht na Comhairle
Céard é ról Ardrúnaíocht na Comhairle?
Cuidíonn Ardrúnaíocht na Comhairle leis na hinstitiúidí seo a leanas:
Áirítear na nithe seo a leanas le cúraimí na hArdrúnaíochta:
- Cuireann sí comhairle ar fáil agus cuidíonn sí le hobair na n-institiúidí thuasluaite a chomhordú.
- Cuireann sí tacaíocht lóistíochúil ar fáil agus tugann sí aire d'eagraíocht phraiticiúil cruinnithe (lena n-áirítear seomraí cruinnithe, táirgeadh doiciméad agus aistriúchán).
- Ullmhaíonn sí dréacht-chláir, tuarascálacha, nótaí agus mionsonraí na gcruinnithe.
- Coinníonn sí cartlanna agus gníomhartha na Comhairle.
- Tugann seirbhís dlí na hArdrúnaíochta tuairimí dlí don Chomhairle agus dá coistí agus déanann sí ionadaíocht don Chomhairle in imeachtaí breithiúnacha os comhair Cúirte Breithiúnais na hEorpa.
Is é an tArdrúnaí ceann na hArdrúnaíochta, agus is é Uwe Corsepius atá sa phost sin faoi láthair.
Cairt eagrúcháin agus eolairí