Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Céard é ról Uachtarán na Comhairle Eorpaí?

Déanann Uachtarán na Comhairle Eorpaí an méid a leanas

  • cruinnithe na Comhairle Eorpaí a thionól ar a ndéanann sé cathaoirleacht agus cuireann sé obair chun cinn
  • ullmhacht agus leanúnachas obair na Comhairle Eorpaí a áirithiú
  • comhtháthú agus comhthoil a éascú i measc comhaltaí na Comhairle Eorpaí
  • ionadaíocht don AE i leith an domhain mhóir (gan dochar do chumhachtaí Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála).


Is post lánaimseartha é Uachtarán na Comhairle Eorpaí; ní fhéadfadh an tUachtarán oifig náisiúnta a bheith ina s(h)eilbh aige/aici ag an am céanna.

Dhá bhliain go leith a bhíonn i dtéarma oifige an Uachtaráin agus bíonn sé in-athnuaite aon uair amháin.

Breathnaigh ar leathanach baile an Uachtaráin Herman Van Rompuy le haghaidh eolais faoina sceideal, faoina fhíseanna, faoina ráitis, srl.