An Chomhairle Eorpach - Comhairle an Aontais Eorpaigh - Comhairle na hEorpa

Céard í an difríocht idir an Chomhairle Eorpach, Comhairle (an Aontais Eorpaigh) agus Comhairle na hEorpa?

  • Leagann an Chomhairle Eorpach amach treoirlínte ginearálta polaitiúla agus tosaíochtaí ginearálta don Aontas Eorpach agus tugann sí an spreagadh is gá le go bhforbrófar é. Tá sé comhdhéanta de Cheannairí stáit nó rialtais na mBallstát mar aon lena hUachtarán, Herman Van Rompuy faoi láthair, agus Uachtarán an Choimisiúin. Tagann siad le chéile ar a laghad ceithre uair sa bhliain, sa Bhruiséil, an Bheilg.
     
  • Feidhmíonn an Chomhairle,dá dtagraítear mar Comhairle an Aontais Eorpaigh go minic - in éineacht le Parlaimint na hEorpa - cumhachtaí reachtaíochta agus buiséadacha. Comhlíonann sí freisin feidhmeanna cheapadh beartais agus comhordaithe Tá an Chomhairle comhdhéanta d'ionadaí ó gach ballstát ar leibhéal na haireachta, atá údaraithe a rialtas a thiomnú. Tá comhaltaí na Comhairle freagrach go daonlathach dá bparlaimint náisiúnta.
     
  • Ní cuid den Aontas Eorpach ar chor ar bith í Comhairle na hEorpa, ach eagraíocht idirnáisiúnta inti féin atá lonnaithe i Strasbourg. Is é an príomhról atá aici an daonlathas, cearta an duine agus riail an dlí a neartú ar fud a cuid ballstát. Is comhaltaí Chomhairle na hEorpa iad na 27 mBallstát san Aontas Eorpach, cé go bhfuil ballraíocht i bhfad níos mó ag Comhairle na hEorpa, ina bhfuil 47 mballstát.