Conradh Liospóin

Céard é an Conradh Liospóin?

Sainmhínítear an méid is féidir an AE a dhéanamh, agus na modhanna a úsáideann sé chun an méid sin a bhaint amach, sna trí chonradh lena rialaítear an AE. Is iad na conarthaí sin: an Conradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Conradh Euratom. Is é Conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm in 2009, an Conradh is déanaí de shraith conarthaí lena leasaíodh na conarthaí rialaithe go dtí seo.

Is samplaí iad seo a leanas de réimsí a chumhdaítear leis na conarthaí: an margadh inmheánach, talmhaíocht agus iascaigh, beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus caidreamh eachtrach.

Le haghaidh tuilleadh eolais, breathnaigh ar na foinsí seo a leanas, le do thoil: 

  • Tá go leor faisnéise a bhaineann le conarthaí ar fáil ar na leathanaigh faoi Chonradh Liospóin ar an tairseach Europa ("Tairseach don Aontas Eorpach").
  • Is féidir teacht ar achoimre gearr ar na príomhathruithe a tháinig as teacht i bhfeidhm an chonartha sa nóta faisnéise faoi Chonradh Liospóin (pdf)
  • Chun téacs iomlán agus leaganacha comhdhlúite na gconarthaí a fháil, féach Conradh Liospóin ar láithreán gréasáin na Comhairle.