COSAINT SONRAÍ PEARSANTA SA CHOMHAIRLE
Agus í i mbun a cuid gníomhaíochtaí, urramaíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh na rialacha is infheidhme maidir le sonraí pearsanta a chosaint.
Is le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chinntear na prionsabail agus na hoibleagáidí nach mór do na hinstitiúidí Eorpacha a urramú agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu.
Baineann na forálacha sin le seirbhísí uile Ardrúnaíocht na Comhairle a úsáideann faisnéis lenar féidir daoine aonair a shainaithint. De ghnáth, is le foireann na Comhairle a bhaineann formhór na sonraí pearsanta a dhéanann an Chomhairle a phróiseáil, cé go mbaineann cuid bheag de na hoibríochtaí próiseála le misin na hinstitiúide. Mar sin, ní bhailítear ach méid teoranta sonraí pearsanta ó thoscairí na mBallstát nó ó thoscairí tríú tíortha agus ó iriseoirí. Is í an Chomhairle freisin a dhéanann sonraí saoránach Eorpach a láimhseáil, má chuireann siad ceist shonrach faoina bráid.
Faoi théarmaí an Rialacháin, ceapann gach institiúid Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS). Is é ról an OCS a áirithiú go gcuirtear an Rialachán i bhfeidhm i gceart laistigh dá institiúid féin. Bíonn sé freagrach freisin as Clár a choimeád de na hoibríochtaí próiseála a dhéanann an institiúid sin.
Is é Oifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle a dhéanann an láithreán gréasáin seo a bhainistiú. Cuirtear an Clár ar fáil don phobal mar aon le faisnéis faoi chosaint sonraí. Tugtar deis ann freisin do dhaoine a mbaineann na sonraí leo a gcearta a fheidhmiú.