CLÁR NA nOIBRÍOCHTAÍ PRÓISEÁLA UM SHONRAÍ PEARSANTA
Ní mór do rialtóirí de chuid Ardrúnaíocht na Comhairle fógra a thabhairt don Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) i dtaobh oibríochtaí atá ar bun acu nó a bheidh ar bun acu, ar oibríochtaí iad ina mbeidh sonraí pearsanta á bpróiseáil. Coimeádann an OCS clár de na hoibríochtaí sin agus tá rochtain ag gach duine ar an gclár sin (Airteagal 26 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Tá an Clár bunaithe ar na fógraí a bhíonn á dtíolacadh ag na rialaitheoirí agus ní bhíonn sé ar fáil, dá bhrí sin, ach amháin i dteanga an fhógra, de ghnáth an Béarla agus an Fhraincis. Bíonn faisnéis bhunúsach ann maidir le gach oibríocht phróiseála, mar shampla a chuspóirí, ainm an rialaitheora, an cineál sonraí a bhíonn i gceist, na cineálacha daoine lena mbaineann an oibríocht phróiseála a bhíonn i gceist. Cabhróidh feidhm chuardaigh an Chláir leat na hoibríochtaí próiseála sin a bhféadfadh baint a bheith acu leat a aithint.
Lena chois sin, tíolacann an OCS chuig an Maoirseoir ar Chosaint Sonraí oibríochtaí ar dóigh díobh priacail shonracha a chur ar fáil do chearta agus do shaoirsí na ndaoine a mbaineann na sonraí leo. Déanann an Maoirseoir réamhsheiceáil agus coimeádann sé clár d'oibríochtaí den sórt sin (Airteagal 27 den Rialachán thuas). Gheobhaidh tú cur síos sa cholún "Barúlacha" de chlár na Comhairle maidir leis na hoibríochtaí próiseála arna dtíolacadh chun go ndéanfaí réamhsheiceáil orthu.