REACHTAÍOCHT


Rialacha cosanta sonraí laistigh de na hinstitiúidí

Ba chóir go mbeadh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin.

Is é cuspóir an Rialacháin seo saoirsí agus cearta bunúsacha daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail a phróiseáil.

Cinneann sé na prionsabail atá le hurramú ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (dlisteanacht, cothroime, rún diongbháilte, comhréireacht, slándáil), oibleagáidí na ndaoine a mbíonn sonraí pearsanta á bpróiseáil acu (rialaitheoirí sonraí) agus cearta na ndaoine aonair a ndéantar a sonraí a phróiseáil (na daoine a mbaineann na sonraí leo), go háirithe daoine atá ag obair do na hinstitiúidí.Foráiltear leis an Rialachán seo go gceaptar Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) i ngach institiúid Chomhphobail agus freisin go gceaptar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) ag leibhéal na hEorpa.

Rialacha atá sonrach don Chomhairle:Rialacha cur chun feidhme

"CINNEADH 2004/644/CE ÓN gCOMHAIRLE lena nglactar rialacha cur chun feidhme maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin".

Sna rialacha cur chun feidhme seo a bhaineann leis an gComhairle amháin, déantar na forálacha maidir le stádas an OCS agus maidir le hoibleagáidí na rialaitheoirí sonraí a fhorbairt a thuilleadh.Leagtar síos leis an gCinneadh seo freisin na nósanna imeachta atá le leanúint ionas go bhfeidhmeodh na daoine a mbaineann na sonraí leo a gcearta.Ina theannta sin leagtar amach leis an gCinneadh na rialacha is infheidhme maidir le nós imeachta imscrúdaithe an OCS.Chun an fhoirm is gá a fháil maidir le hiarraidh ar an OCS imscrúdú a dhéanamh ar ábhar ar leith, téigh i dteagmháil le hoifig an OCS agus cuir do rogha teanga in iúl.